Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 422
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí 'sé ina dlighe i n-Éirinn fadó gach duine a dhóghadh chomh luath is a bhéidís trí sgór bliadhain d'aois.”
(ar lean ón leathanach roimhe)aige le sgeál innseacht dó. Sul ar thosuigh an mac ar a sgeál d'iarr sé ar an rí a beith i n-a margadh, an té (?) gheobhfadh locht ar a sgeál go gcuirfidhe 'cun baís é i n-aít an t-sean-fhir. Thosuigh sé:- "D'éirigh mise lá agus chuir mé an domhan ar fad le coirce, d'eirigh mé lá ar na bhárach agus bhí sé fá gheamhar agus d'eirigh mé lár na (?) agus bhí sé reídh le baint. Bhí girrfiadh sa gcoirce agus chaitheas an corrán leis agus chuir mé an corrán i n-a dhruim (?). Rith sé timcheall an domhain agus bain sé a dtaínig roimhe de coirce."
"Ara" arsa fear "ár ndoígh ní fhéadfadh duine ar bith sin a dheánamh."
Bhí locht fáighte aige ar an sgéal agus cuireadh cun baís é i n-aít an t-sean-fhir.Scéal
“Fadó bhí Éire clúdaighthe le coille agus driseacha.”
Fadó bhí Éire clúdaighthe le coillte agus driseacha. Ní raibh sa mbóthar atá i nDriseachán anois ach casán. Bhí fear de na Seoíghigh i n-a comhnuidhe ann agus bíodh sé amuigh go minic ag ól. Oidhche amháin bhí sé ag dul abhaile agus é ar meisge agus thuit isteach i dtom dris agus preáchadh ann é. Ós rud é gur b'iad na driseacha a marbhuigh é tugtar Driseachán ar an aít o shoin.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
Scéal
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht.”
Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Theas-(leanann ar an chéad leathanach eile)