Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 455
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá oileán ar Loch Measga ar a dtugtar Oileán na Coille.

    9.
    Tá oileán ar Loch Measga ar a dtugtar Oileán na Coille. Tá sé tuairim is trí chéad slat ó'n mbóthar idir thalamh is uisge. Tá sé ráidhte go bhfuil pota óir fá bhun crainn ann agus go mbíonn each uisge 'ghá chumhdach. Bhí sé ceangailte de'n chrann ach bhris an slabhra agus thuit sé go bun an chrainn. Níl fhios cé chuir ann é ach deirtear go bhfaca Micheál Ó Maithnín each uisge i n-a luighe 'san uisge go minic. Tá sé trí sgóir bliadhain o chonnaic sé go deire é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tá ciste i bhfolach ar bhruach locha Measga, ar thalamh Mhichíl Uí Liodán.

    10.
    Tá ciste i bhfolach ar bhruach Locha Measga, ar thalamh Mhichíl Uí Liodán. Creach, mar seoda, péarlaí agus clocha luachmhara atá ann. Níl fhios cé chuir ann é ach tá sé ann le ceithre bliadhna agus ceithre sgóir. Tá sé sé chéad slat ó'n mbóthar agus tá crainnte i n-aice leis. Is minic a chidhtear solus 'san áit a bhfuil an ciste. 'Sé Micheál Búrcach an duine deire a chonnaic é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Maolsheaclainn Ó hAllmhúráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe