Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 401
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéalta
“Bhí fear ann fadó agus bhí ahair an-naomhtha agus máthair an-droch-mhúinte aige.”
Bhí fear ann fadó agus bhí athair an-naomhtha agus máthair an-droch-mhúinte aige. Nuair a cailleadh an t-athair bhí lá a churtha an-gharbh agus is ar éigin a b'fhéidir leó é a chur i n-aon chor. Nuair a cailleadh an mháthair bhí na laethe go h-an-bhreágh agus an grian ag sgalladh go soilseach. Nuair a bhíodar beirt curtha ag an mac dubhairt sé leis féin go gcaithfead sé ughdar fhághail cé'n fáth a raibh lá breágh ag a mháthair agus chomh dona is bhí sí agus lá garbh ag a athair agus chomh maith is bhí sé. Lá amháin d'imthigh sé leis agus nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé isteach a dteach leis an oidhche a chaitheamh ann. Bhí fáilte mhór sa teach sin roimhe agus nuair a bhí siad sgathamh ag cainnt ar an saoghal d'fhiafruigh siad de cá raibh sé ag dul agus d'innis sé dóibh.
"Muise," adeir siad, "ó thárla go bhfuil tú ag dul an bealach cuir bun cé'n fáth a bhfuil báisteach anuas i gcómhnuidhe sa teach seo 'réis go bhfuil seacht gcóta tuigheadh curtha againn air."
"Tá go maith," arsa an buachaill. Nuair a tháinig an mhaidean bhí sé i n-a shuidhe go moch agus d'imthigh leis arís. Nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé isteach a dteach eile agus bhí fáilte roimhe. Nuair a d'innis sé dóibh cá raibh a thriall dubhairt siad leis gur gréasuidhthe a bhí ionnta agus go raibh siad ag obair go cruaidh ó Luan go Satharn agus gur cinn ortha cúl dhá pingin a chur le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó hAllmhuráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Gleann Tréig, Co. na Gaillimhe