Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 601

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 601

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 601
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Altú an Phíopa”
  5. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nár ba liachta ribe féir a fás, ná gráinne gainimh ar an tráígh. Ocht lán deág thuamba Chríosta, brat Brighde, Oilean na Naomh de bheannachtaí Dé le h-anmnacha mharbh Phurgadóir le h-anam gach duine da bhfuil oibliogóid orainnn guidhe ar a shon mar orduigheas Íosa Críost dúinn é.

    CAILÍN DEAS CRUÍDHTE na mBÓ
    Ach a mbuailidh an t-aingeal an trumpa
    Is go silfidh gach cruaidh cholainn deór
    Is giorra dhúinn cara lá an chunntais
    Ná cailín deas chruidhte na mbó.
    A pheacaigh deán maith agus músgailt
    'Gus cuimhnigh ar uair Mhic na nGrást
    gur bé saoirse neamh pheaca na drúise
    A mheallas gach cúilfinnín óg.
    An t-Aifreann ná faillighidh ar aon nós
    Níl nidh ar bith sa saoghal seo níos feárr
    Ach bheirimid moladh 'gus buidheachas
    D'Íosa rinne an Aiseirghe breágh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.