Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 436
- XML “Scéal”
- XML “Gleanntréig”
- XML “Scéal”
- XML “Sháraigh na Mná Harry Sceatail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí Éireannach i Sasana fadó agus bhí coir mhór déanta aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)féachaint air ná go raibh cúig nóiméad caithte. Níor labhair sé nó go raibh deich nóiméad caithte. "Ó thárla gur coinghbuigh sibh an fear seo ró-fhada caithfidh sibh béile an lae íoc dhó. Níor deárnadh aon cheó ar an bhfear ach béile an lae íoc dó.- Fadó bhí teach is fiche i nGleanntréig, teallach is fiche i ngach teach agus duine is fiche ar gach teallach. Thosaigh na daoine ag troid faoin talamh. Thugadar cath millteadh agus marbhuigheadh go leór. An méid a fágadh threígeadar an ait agus sin é an fáth ar tugadh Gleanntréig ar an aít ó shoín.
Scéal
“Bhí fear i gConnamara fadó agus bhíodh sé ag goid is ag robáil.”
Bhí fear i gConnamara fadó agus bhíodh sé sé ag goid is ag robáil. Ghoid sé bó uair amháin agus d'innis sé do'n tsagart i bhfaoistean go raibh bó goidthe aige. "Raibh fhios agat" ars an sagart "go mbéidhteá ag marcuigheacht ar adharca na bó sin ag dul síos go hIfreann". "Glacaim pardún agat" ars an fear ní bheidh mé mar is bó mhaol a bhí innti".- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Sháruigh na mná Harry Sceatail
Bhí fear an-chliste ann fadó dárbh ainm Harry Sceatail. Cheap sé gur bé ba chliste sa domhan. Theastuigh bhean uaidh. D'iarr sé bean as an gcómharsanacht(leanann ar an chéad leathanach eile)