Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 605

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 605

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 605
  3. XML “An Phaidir Gheal”
  4. XML “Each an Ghabhair”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí Naom Pádhraig ag tógáil teach pobail i n-aice le Cathair na Mart. D'iarr sé capall ar thaoiseach na h-áite le dhul ag tarraingt cloch lá ar na bhárach. Gheall an taoiseach dó agus lá ar na bhárach céárd a chuirfeadh sé chuig an naomh ach pocaide. Níor dubhairt an naomh tada. Chuaidh sé ag tarraingt na gcloch agus tarraing an pocaide a dhá oiread le capall ar bith. San tráthnóna d'fhiafruigh an taoiseach de cé mar d'oibrigh an an t-each dó. "Ó" ar seisean " 'S maith an t-each an gabhar." Tá Each an Ghabhair mar ainm ar an áit o shoin.
    Caít Nic Allmhúraín, Clochbhreac
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí sean-bheirt i n-a gcómhnuidhe 'san áit seo fadó agus ní raibh aca ach aon ingean amháin.

    Bhí sean-bheirt i n-a gcómhnuidhe 'san aít seo fadó, agus ní raibh aca ach aon ingean amhaín agus buaileadh tinn í. Bhí sí ar an leaba ar feadh seacht mbliadhna. Bhí sí an-coiligneach. Seacht mbliadhna ó'n oidhche ar buaileadh tinn í thaínig cailín ag an doras ag iarraidh loístín ach dubhairt bean an tighe nach raibh aon aít aicí dí. Dubhairt an cailín nach n-imtheochadh sí go bhfeicfeadh sí fear an tighe.
    Nuair a taínig an fear d'iarr sí loístín air. Bhí bean na leapthan ag iarraidh a chur amach. Thug an fear loístín dí. Suidhe sí ar an gcathaoir agus bfacthas dí go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe