Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 611
- XML “Liosanna”
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Liosanna
“Tá lios eile thoir ar an gCloichbhric.”
2) Tá lios eile thoir ar an gCloichbhric. 'Sé teach Sheáin Uí Mhuirraín an teach is goire dhó. Tá sean-sgonnsa thart air agus tá sé an-éasgaidh é a thabhairt fá deara mar tá sé níos aoirde ná an chuid eile de'n talamh. Áit uaigneach é mar ní bhíonn beithidhigh ná dada seólta ann. Bhíodh go leór sidheóga le feiceál ann fadó. Is minic a feictighe fear ann a bhíodh gléasta dubh agus fuil air. Is minic a chuala buachaillí an bhaile sgreadach cráidthe mar bhéadh duine a bhéadh dhá chrádhadh ar bhealach éigín.- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
Liosanna
“Tá lios eile thart ag an gCuirrín taobh thíos d'Aill na Deóire.”
3) Tá lios eile thoir ag an gCuirrín taobh thíos d'Aill na Deóire. Áit an-uaigneach ar fad é sin agus níl aon teach i bhfoigseacht leith-mhíle dhó. Déanamh cruinn atá air agus níl thart air ach sean-bhalla. Is deacair é a aithneachtáil ach tá sé níos ísle ná an chuid eile de'n talamh. Chonnaic sean-fhear sochraid ann fadó agus níl cur síos ar bith ar an méid sidheóga atá i n-Aill na Deóire i n-aice leis.