Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 467
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí triúr dearbhráthar i na gcomhnuide ar an gCloichbhric uair.”
18.
Bhí triúr dearbhráthar i n-a gcomhnuidhe ar an gCloichbhric uair. Triúr mac do Sheán an Ghrafa a bhí ionnta. Bhíodar an-láidir agus ní bhíodh mórán le déanamh acu. Ní raibh aon droichead ar abhainn na Cloiche-brice an t-am sin agus nuair a bhíodh tuile inntí ní raibh aoinne indon a dhul treasna. Lá amháin bhí an triúr i n-a suidhe ar bhruach na h-aibhne. Tháinig sean-bhean thart agus ní raibh sí indon a dhul treasna na h-aibhne. "Muise is old an triúr fear sibh nach gcuirfeadh clocha 'san abhainn a seasfadh duine ortha" ar sise. Nuair a chualadar sin chuireadar clocha 'san abhainn agus níor imthigheadar as nó gur chruinnigh meathal fear le n-a gcaitheadh as. Faoi cheann tamaill d'imthigh beirt de na dearbhrátharacha ag saothrughadh a mbeatha. D'fan an duine eile 'sa' mbaile agus thug a athair leath a chuid talmhan dó. Níor taithnigh seo leis an tighearna talmhan agus dubhairt sé go gcaithfeadh an mac a dhul chun an phríosúin. "Níl neart air" adeir an t-athair. Faoi cheann seachtmhaine táinig cóiste ó'n tighearna talmhan i n-a choinne. D'imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe