Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 458
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear i n-a chomhnuidhe in Inbhear fadó darbh' ainm Pádraig Ó Conra.

    13.
    Bhí fear i n-a chomhnuidhe in Inbhear fadó darbh' ainm Pádhraig Ó Conra. Bhí sé bocht - gan teach ná talamh aige. Cailleadh a bhean go goirid tar éis dóibh pósadh. Ní raibh le déanamh aige annsin ach imtheacht ag iarraidh na déirce. Ní raibh aon achar gabhtha aige nuair a tháinig sé go dtí teach mór bréagh. Ní raibh gothadh boichteannais i ngar ná i ngaobhar dó. Chuaidh se isteach go dtí an doras agus fosglaigeadh láithreach dó é. 'Sé fear an tíghe a d'fhosgail é agus nuair a chonnaic sé an droch éadach a bhí ar Phádhraig dubhairt sé "is garbh Gaedhalach í do chulaith. Ach "má's garbh riabhach is fearr ná'n t-iasacht". Thug sé obair dó agus togha an éadaigh i n-a theannta. D'fhan sé tamall maith ag fear an tighe agus ar feadh an ama sin ní fhuair aoinne aon locht air. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an mháighistir pota mór óir dó. Tháinig sé ar ais go h-Inbhear annsin agus chaith sé an chuid eile d'á shaogha[il] ann. Sul a bhfuair sé bás chuir sé an pota óir síos fá chloich. Tá fiche carraig thart uirthí - ceann i n-aghaidh gach bliadhain dár chaith Pádhraig ag saothrughad an airgid. Tá sé ós cionn céad go leith bliadhain ó cuireadh ann é. D'fhéach athair mór Shéamuis Uí Chadhain, atá i n-a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Maithnín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe