Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 449

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 449

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 449
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá pota óir fá bunna h-aille ar a dtugtar an bhinn Charach.

    5.
    Tá pota óir fá bhun na h-aille ar a dtugtar an Bhinn Charach. Bhí fear i n-a chomhnuidhe 'san áit fadó a raibh go leór airgid aige. Nuair a bhí sé ag fághail bháis ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé leis an saidhbhreas. Bhí clann-mhac aige ach bhí olc i n-a chroidhe dóibh agus níor mhaith leis go mbéidís saidhbhir dá bhárr. Thug sé an t-airgead do cheann dá chuid searbhóghntaighe agus chuir seisean isteach fá bhun na Binne Carraigh é. Ag fághail bháis dó dubhairt sé go raibh súil aige nach bhfuighfidhe an ciste go mbéadh a mhuinntir féin ar lár. Fear de na Flaithbeartaigh do b'eadh é. Bhí éad aige le n-a dhaoine féin agus sin é an fáth gur dhubhairt sé é. Tá sé ó's cionn céad bliadhain ó fuair sé bás agus níor thóruigh aoinne an ciste ó shoin. Níl aoinne dá shliocht beo anois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe