Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 440
- XML “Ádh ar an Amadán”
- XML “An tAonach a Bhí san Áit Thíos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- An t-aonach a bhí 'san áit thíos
Bhí fear ann fadó agus ghoid sé bheithidhigh ó thriúr dearbhrathar. Chuireadar isteach i mála é le báthadh Bhí sé ag rinnce thíos sa mála. Tháinig bacach an bealach agus d'iarr air é féin a leigean 'san mála. Bhí beithidhigh goidthe ag an mbacach agus thug an gaduidhe eile leis iad. Casadh an triúr driothár air. "Nár bháthamar thusa? Cá as a dtáinig tú nó cá bhfuair tú na beithidhigh" ar siad-san. "Bháidh sibh mé" ar seisean "agus chuaidh mé go dtí an áit tíos. Thugadar dom na beithidhigh ar son imtheacht uatha. Tá aonach ann, go leor beithidheach agus togha margaidh. Thug sé na beidhidhigh go bruach an locha agus bhí a sgáile le feiceál 'san uisge. "Sin é anois an t-aonach" ar seisean tá sé i n-a sheadh. Deifrighidh síos ná beidh sibh mall." Léim an chéad fhear síos. "Phlup" ars an t-uisge ós a chionn. "Mheas tú céard dubhairt sé"? ars an dara fear. "Dubhairt sé leat deifriughadh. Léim an dara fear síos. Thárla an rud céadhna do'n tríomhadh fear. Bhí an triúr báidhte anois agus agus [!] cuaidh mo dhuine abhaile go sásta.- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe