Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 417

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 417

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 417
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean ann fadó a bhí an t-saidhbhir dárbh ainm Máire Ní Cheallaig.

    Bhí bean ann fadó a bhí an-t-sadhbhir dárbh ainm Máire Ní Cheallaigh. Ní raibh sa teach ach a mac agus bhí sé pósta. Níor mhaith leis an t-sean-bhean bean a mhic agus is iomdha achrann a bhíodh eatorra. Ba mhaith leis an mbean óg go bhfuigheadh an t-sean-bhean bás mar cheap sí go mbéadh go leór airgid i n-a dhiaidh ach bhí an t-sean-bhean ag cuimhnuigheadh ar rud éigin eile. Nuair a bhí sí ag fághail bháis d'iarr sí an cóta a bhí uirrí ag fhágail uirrí agus í á cur. Cuireadh an t-sean-bhean agus bhí an-áthas ar an mbean óig mar cheap sí nach mbéadh sí bocht go deó. Nuair a chonnaic sí céard a thárla bhí malairt sgéil aicí. D'iarr sí ar a dearbhráthar poll a dhéanamh ag ceann na h-uaighe le cloch a chur i n-a seasamh. Rinne seisean amhlaidh. An oidhche sin thug sé craiceann buir adhareach leis agus chuaidh go dtí an uaig. Bhí sé ag dul síos i gcoinne an óir nuair chonnaic sé solus ag teacht chuige thrí na crainnte. Tháinig sé aníos as an uaigh agus cuaidh i bhfolach. Tháinig an bhean go dtí an uaigh agus síos leí. Nuair a chonnaic an fear tíos í thosuigh sé ag cartaidh agus ag déanamh torainn. Nuair a chonnaic síse na h-adharca rith sí chomh mait is bhí sí i ndan agus í ag rádh " nach mairg a béadh sanntach i maoin an t-saoghail seo."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    Driseachán, Co. na Gaillimhe