Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 428

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 428

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 428
  3. XML “Tairngreacht”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí cailín ann fadó agus bhí leas-mháthair uirthi.

    Bí cailín ann fadó agus bhí leas-mháthair uirtí. Chuir an leas-mháthair geasaí uirthí gan a sgéal inseacht d'aoinne go deó. Marbhuigheadh mart sa teach agus ní thugadh an leas-mháthair aon bhlas do'n chailín ach na scamhóga. Oidhche amháin chuaidh an cailín amach, bí an gaot andeas agus é ag déanamh beagán báistighe. Nuair a tháinig sí ar ais d'fhiafruig an t-athair dí ché'n sort oidhche bhí ann. "Tá" ar sise "an ghaoth andeas braon as agus e ag reodhadh". "Is aisteac an sgéal é sin" ar seisean. "Bhoil a athair ar sise nach bhfuil se chomh h-aisteach mart a bheith in-a scamhóga ar fad" agus is mar sin a fuair an t-athair amach cé'n sórt beatha a bhí sí fhághail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
  2. Scéal

    Bhí cailín óg teacht abhaile as Meiridca fadó agus nuair a tháinig sí chomh fada le chóbh chuadh sí ar lóistín na hoidhche annsin.

    Bhi cailín óg ag theacht abhaile as Merioca fadó agus nuair a tháinig si chomh fada le Chóbh chuadh sí ar lóistín na hoidhche annsin.Bhi sagart i n-a chodladh sa seomra ba ghoire dí. Nuair a d'eirigh sí ar maidin d'fhiafruigh an sagart dí cé'n phaidir a dubhairt sí aréir. Dubhairt si nár dhubhairt si ceann ar bith. "Níl aon mhaith dhuit ann" ars an sagart "dubhairt tú ceann eicínt". "Bhoil" ar sise is cailín bocht mé agus bhínn ag obair go cruaidh agus níor dubhairt me aon phaidir le fada ach "cheithre coirnéil ar mo leabaidh, ceithre h-uirthí sgartha, má
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.