Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 650
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Clochbhreac an t-ainm atá ar an mbaile seo agus is i bParáiste Ruis atá sé. Seo é barúntacht Ruis. Tigthe ceann-tuighe is mó ata ann ach tá beagán tighthe sglátaí freisin ann. Is mó na daoine a bhí 'san áít fadó ná anois mar cailleadh go leór acu i n-aimsir an Ghorta ach le sgór bliadhain tá na daoine ag fághail níos tibhe aríst. Tá go leór sean-daoine ann atá ós cionn 70 bliadhain d'aois. Seo cuid acu- Bríghid Ní Chathasaigh, Pádhruig Ó h-Uigín, Micheál Ó Cadhain, Sibina Ní Uigín, Seán Ó Ceárnaigh agus go leór eile. Níl mórán daoine de'n ainm céádhna ann ach is Cadhan an t-ainm is coitchiannta ann. Níl fhios agam cé'n fáth gur tugadh an t-ainm sin air. Ta go leór sean-tighthe ann. Tá sean-teach an-ghar do mo theach a raibh fear de na h-Uigíní i n-a chomhnaidhe ann. Tá sé 39 bliadhain ó thuit an teach.
2.Tá dhá theach eile ann freisin. Páidín Mac na Mara a bhí i gceann acu agus Sean Saundar i gceann eile. I n-éinfeacht a thuit an péire agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe