Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 444

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 444

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 444
  3. XML “An tAthair Uaitéar”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dá mbeádh a ghnaithe dul an bealach ann
    Nach mbéadh sgilling gheal sa ráith air.

    (VI)
    Dá mairadh Seán na Sagart
    Le linn an Athair Uaíteár
    Ghreamóchadh sé de'n talamh é
    Go bhfeicfeadh Feara Fáíl é

    (VII)
    Nach annsin a bheádh an spoírt,
    Gan goir aige sin fhághail
    A sgreadaidh ar a mháighistir,
    Mar bhí Ossian ar Naomh Pádhraig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cistí Óir i bhfolach
    1.
    Bhí fear ar an Tuarlagach uair darbh' ainm Liam Ó Briain. Chuaidh sé amach lá ag baint fhata[í] agus níor thúisge an chéad phreab bainte aige ná seo aníos an pota óir chuige. Chaith sé trí smugairle air. Deirtear an té a dhéanfadh sin nár bhféidir an rud a bhéadh sé ag iarraidh a choingbheáil a thabhairt uaidh. Leag sé an láidhe ar an spota agus carraig ó's a cionn ionnus go mbéadh sé mar chomhartha. Roinn sé an t-ór ar a bheirt mhac - Seán agus Micheál. Bhíodar saidhbhir go dtí deireadh a saoghail dá bhárr. Níor fritheadh amach ariamh cé chuir ann é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Maithnín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Bothán, Co. na Gaillimhe