Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “An Cailín Leisciúil”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amach agus ní raibh fhios aici céard a b’fhearr dí a dhéanamh. Tháinig bean mhór chuicí agus dubhairt sí go ndéanfadh sí dí é dá dtugadh sí an bhainfheis dí. Chárdáil sí dí é agus cheap an duine uasal agus a mhuinntear gur bí féin a rinne é. Phós sí féin agus an duine uasal agus bhí saoghal maith aca i n-a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ar aimsir.

    Bhí fear an fadó agus chuaidh sé ar aimsir. D’fhág sé a mhac agus a bhean sa mbaile. Bhí air achar áirithe a chaitheamh ar aimsir sula bhféadfadh sé theacht abhaile. Nuair a bhí na bliadhanta caithe réidtigh sé le theacht abhaile. Sula dtáinig sé, d’fhiafruigh bean an tighe de cé b’fhearr leias tuarastal nó trí chómhairle mhaith agus dubhairt sé na cómhairlí. Rinne sí dá cháca dubhairt leis ceann a ithe ar an mbealach agus ceann eile thabhairt abhaile. Thug sí dó na thrí chomhairle annsin. Dubhairt sí leis gan dul I n-aithgiorra go bráth, gan fanacht I dteach a mbeadh bean óg pósta ag sean-fhear, agus nuair a bheadh fearg air suigh síos agus a phíopa a chaitheadh. D’imigh sé agus ba gheárr gur casadh fear dó. Tháinig siad go dtí bearna agus dubhairt an fear go rachadh sé féin isteach anseo mar go raibh aithgiorra mór ann. Chuir an fear a bhí ar aimsir a chos ‘san mbearna le dhul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Sheóighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Driseachán, Co. na Gaillimhe