Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 448
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear i gCrimlinn fadó darbh ainm Tomás Ó Murchadh.

    4.
    Bhí fear i gCrimlinn fadó darbh' ainm Tomás Ó Murchadh. Lá dá raibh sé amuigh ag fiadhach dhúisigh sé girrfhiadh. Rith an girrfiadh isteach i bpúirín beag uaidh ach chuir seisean a láimh isteach i n-a dhiai[dh.] Fuair sé pota caife a bhí lán le píosa[í] óir istigh ann agus tharraing sé ama[ch] é. Tuairim an ama sin bíodh taidhbhse dhá fheiceál san áit a raibh an pota. "Taidhbhse na gcos ndubh" a tugtaí air, mar nuair a feictí 'sa' lá é bhíodh a chosa dubh agus nuair a feictí 'san oidhche é bhídis geal. Deirtear gurbh' é a chuir an pota i bhfolach agus go raibh go leór eile óir aige 'san áit chéadhna aige. Bhí sé ceaptha do Thomás é fhághail mar go raibh sé fial carthannach le cách. Tá a mhac beo ar an Mám anois. Tá sé ós cionn céad agus deich bliadhain ó fuair sé é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe