School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 289
  3. XML “Oíche Fhéile Eoin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leo chuig teine eile agus mar sin o theine go teine go rabh an lá ann agus b'fhéidir go mbéadh siad mílte ó bhaile ins an am sin.
    Tá cuid do na daoine dlisteannach de na sean gnásaí bhí baint leis an fhéile seo go foill acht is beag é. Lastar teine taoibh amuigh de'n teach agus cruinnigheann an teaghlach fá'n teine agus deirtear paidrín cúig ndeichneabhar déag. Lasfar coicheann as an teine annsin agus iomcharothar isteach i ngach cuibreann ins an t-seilbh é mar shúil go gcuirfeadh Naomh Eóin rath agus bláth ar bhárr an talaimh agus ar ghabhail i luighe bheirtear aibhleóg as an teine isteach 'un toighe le subháilce agus sonas a thabhairt fá'n teach agus fá na daoine go ceann bliadna. Deirtear an paidrín i n-áiteacha go fóill acht ní chleachtar na gnásai eile anois ar chór-ar-bith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Language
    Irish