School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 01_027
  3. XML “Tráchtas - Gníomhartha Gaisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúpla bliain ó shoin bhí triúr fear ag dul amach ag iascach maidin bhreágh i dtús an Fhoghmhair. Is ag dul ag iascach balachaí a bhíodar agus chonnacadar bean istigh i dtír thíos ag áit an craibhín? . Micil Ó Conghaile, Micil Ó Fátharthaigh agus Micil Ó Flaithearthaigh na h-ainmneacha a bhí ortha. Ní dheachaigh siad amach ag iascach an mhaidin sin chor ar bith ach tháinig siad isteach san áit a raibh an bhean. Bhí faitchíos ortha nuair a chonaic siad í agus thugadar suas í ón taoille agus annsin tháinig siad abhaile agus d'innis siad é agus chuaidh go leor daoine síos ag breathnuigh uirrí agus ag cur paidir le na h-anam. Chuaidh an fhuireann go Cill Rónáin ag na Gardaí agus bhí faitchíos ortha annsin go b'as Cill Éanna an bhean. Tháinig na Gardaí aniar agus go leor daoine eile agus thugadar leob í agus bhí siad ag ceapadh gurbh amhalidh a bhí sí ag baint creathnach le n-ithe agus gur thuit sí sa bhfairrge. Bhí rástaí i gCill Mhuirbhigh cúpla bliain ó shoin agus chuaidh triúr daoine as
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Choinceanainn
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway