School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ann fadó, bhí sí ina comnuighe in Béarna, sí an ainm a bhí uirthí na Sprid na Béarna. Aon oidche amháin chuaidh bean go dtí an tobar fé dhein uisce. Bhí uisce coisreachta ina póca aice mar bhí fhios aicí go mbíodh an Sprid ag an dtobar. Nuair a srois sí an tobar chonnaic sí Sprid na Béarna agus tháinigh eagla uirthí.
Dhein sí fáinne ina timpeall ar an dtalamh leis an uisce coisreachta. Ní chuaigh an Sprid isteach ins an bfáinne sin. Dfhan Sprid na Béarna in aice an tobair agus dfhan an bhean istigh insan bfáinne. Ach nuair glaoidh an coilleach, d'imigh sí, annsan cuaidh an bhean abhaile.

Collector
Seán Ó h- Artnéada
Gender
male
Address
Rooskagh West, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
39
Address
Rooskagh West, Co. Limerick
Language
Irish