School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teachers:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Page 332
  3. XML “Saothar an Earraigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuireann an feirmeóir na bárraí go léir 'san Earrach. Mar atá an coirce, an córna, an chruithneacht, na prátaí, turnipí, an cabáiste agus rudaí eile. Ní cuireann sé na bárraí go léir 'san gort céadna gach blian indiadh a céile. Ach an gort ina mbíonn coirche no cruithneacht cúrtha imbliana chuirfeadh sé prátaí no barra eile ag a mbíonn aoileach ag gabáilte ann, an blian seo chughainn.
    An blian sin, briseann sé páirc nuadh chun an coirche agus an chruithneacht do chur. Sé sin treabhann sé agus fuirseann sé an pháirch sin agus scháipeann sé na síolta ann. Nuair a bhíonn sé ag chur prátaí, bíonn alán rudaí le déanamh aige. Ar dtúis treabhann sé an talamh agus deineann sé na driollaí.
    Annsan gearann sé na prátaí, agus deineann sé dhá no trí phíosa de gach práta. Bíonn dá súil in gach píosa. Cuireann sé aól orrtha cun iad do coiméad maith, annsan scaipeann sé iad 'san gclais cuireann sé aoileach orrtha agus clúdúigheann sé iad leis an gceachta nuair a dúnann sé an driollá. Ligeann mí no mar sin tagann siad ós cionn talamh. Piocann sé na fiaghailí agus cuireann sé an athchré suas annsan.
    Obair ana cruaidh iseadh "Cur na Prátaí". Ach tá sean fhochal ann, an te a cuireann 'san Earrach bhaineann sé sa bFóghmhar. Is maith an rud é aimsear maith do bheith againn le haghaidh na h-oibhre. D'íth na daoine alán prátaí fadó,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Muirceartach O h-Eachtigeirn
    Gender
    Male
    Address
    Rooskagh West, Co. Limerick