School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Saothar an Earraigh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Deineann na feirmeoirí an talamh do briseadh cun na síolta do chur. Sa slíghe seo a deintear é. Treabhann siad an talamh le dhá chapall agus céachta agus fuirseann siad é leis an dá chapall céadhna agus bráca.
Cuireann na daoine coirce, prátaí, tuirnipí, an cabáiste, cruithneacht agus barraí eile san Earraich. Ní chuireann siad na barraí ceadhna gach blian. Cuirtear na prátaí in áit céadhna imblian ina raibh cruthneacht nó barra eile na raibh aoileach a gabháilt leis curtha an blianroimhe. Cuireann siad prátaí indriollaí.
Ar dtúis oscalann siad na driollaí agus cuirtear aoileach amach. An Fhaid is a bhíonn san a dheanamh ag an bhfear. Bíonn a bhean ag gearradh na sgiolláin. Nuair a bíonn na sgiolláin curtha cuirtear aoileach ortha agus dúntar na driollaí. Tar-éis tamaill phioctar na fiaghailí agus cuirtear ath cré suas.
Deirtear go mbíonn rath ar an síola cuirtear ar Aoine an Céasta. Deirtear comh maith nác mbíonn rath ar an síol a curthar lá fluich. Tá sean-fochal ann, An té na cuireann san Earrach ní bhaineannsé san bfhomhar.

Collector
Miceal Ó Muirthuile
Gender
male
Language
Irish