School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teachers:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Page 264
  3. XML “M'Áit Chónaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baile na Beárna ainm na h-áite in a bhfuilim chomhnuidhe agus ta sé ibPároiste Árdhaca. Do fuair an áit a ainm o oscailt nó béarna atá 'san gcnoc. Tá cúig líntge déág san áit agus isteach is amach le caoghadh daoine in a gcomhnuidhe ann. Tá alán tighthe san áit leis cuid acu ar a bhfuil ceann tuighe agus cuid eile ar a bfuil ceann slinne. Comnuigheann an-chuid sean daoine ann acht níl aon Ghaedhilg aca.
    Bhí níos mó tighthe ann san t-sean aimsir na mar atá ann indhiú. Tá fothraigh na tigh le feiscint ac tá an-cuid is mó imtighthe. D'imthigh na daoine abhí ina gcomnuidhe ins na sean tighthe go dtí tíorthaibh eile. Tagann prátáí agus cruithneacht go maith ann. Níl aon abha ná loc ann acht tá alán srután. Níl aon amhráin ag baint leis an áit.
    Sé mo Shean athair féin an duine is sine dá bhfuil ina comnuidhe im Baile na mBéarna, rugadh é 'san mblian 1843. Is mó sgéal bréagh atá aige idtaobh na sean aimsire. Nuair d'fhill Uilliam G. O Briain abhaile go Cathair Maothail, Árdaca igCo Luimnighe ón Astráil san mblian 1856, bhailigh na sluaighte daoine ag an Stásiúin thíos in Árdaca ag chur fáilte roimh.
    Bhí mo sean athair ann agus é cosnuighthe. Deireann sé go raibh áit dubh le daoine, ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Néill
    Gender
    Male
    Address
    Oldmill, Co. Limerick