School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teachers:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 208

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Page 208
  3. XML “Seanscéal ar Lios”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Míle ó mo Thigh tá lios mór agus sé an ainm atá air na Dún Gan Béal. Tá an lios sin suidte inaice an bhóthair atá ag dul ó Sean Mhuilleann go Árdhaca i gCo. Luimnighe. Lios an-mhór ar fhad isead é, mar bhí Rí ina chomnuide ann fadó.
    D'innis m'athair an scéal seo dom mar geall ar an lios sin. Deireann na daoine go bhfuil doras mór istigh insan lios agus féin ndoras sin deirtear go bhfuil alán airgid agus bhfuil cat mór dubh ann leis.
    Chuaigh an-chuid daoine go dtí an lios cun a t-airgead d'fhághail, ach níor féadar an doras d'oscailt. Thosnaigh sé ag fearthain go trom nuair a chuaigh daoine cun an doras sin d'oscailt agus nuair thosnuigheadar cun teacht abhaile rith tarbh mór ina ndiaidh ag a raibh adharcha an-fhada ar fad. Tá an lios sin suidhte ar taobh na habhann ar a bhfuil an Darr mar ainm.
    Fásann alán crann mór timpeall an leasa. Chonnaiceas alán lios mór, ach ní fheachas aon lios comh mór leis an lios sin. Bíonn mé ag feachaint air gach maidin Domhnaig nuair bím ag dul ar Aifreann. Bhíos istigh insan lios sin go minich ach ní fheachas an doras
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Uptún
    Gender
    Male
    Address
    Oldmill, Co. Limerick