06/02/2023 Weekly Pick  (See more »)

School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Saothar an Earraigh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ins an Earrach bíonn an feirmeor ag obair go dian. Bíonn sé ag treabhadh, ag fuirsead agus ag cur na síl. Cuireann sé prátaí, turnipí, mangailí, cabáist agus an-cuid rudaí eile.
Chuireann sé prátaí ins an áit ina raibh cruithneacht no eorna curtha an blian roimhe sin. Cuireann sé cruitneacht nó eorna ins an áit ina raibh prátaí nó aon bharra eile go mbíonn aoileach ag teastáil uatha, curtha an blian roimhe. Ins an Earrac bíonn an feirmeoir ag obair go dian agus gach lá bíonn tuirse air.
Tá sean-fhocal ann An té a cuireann san Earrach baineann sé san bFogmhar. Cuireann sé prátaí i driollaí agus deineann sé an phráta do gearadh idtreo is go mbíonn dhá shúil ar gach phíosa. Sgiollán a tugtar ar an gcuid sin. Cuirtear na sgiolláin insan gclais agus scaiptear aoileach ortha. Dúnann sé na driollaí leis an gcéachta agus nuair a thagann siad ós chionn na talmhan cuirtear ath chré suas.

Collector
Pádraig O Néill
Gender
male
Address
Oldmill, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
grandparent
Gender
male
Age
96
Language
Irish