School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Ballinloughane, Co. Limerick
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
- XML Page 323
- XML “Travelling Folk”
- XML “Saibhreas i dTaisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- Bhí fear ina comnuidhe ar an Riasc fadó, agus Con Ó'hArtnéada ab'ainm dó. Aon lá amháin bhí sé amuigh ag baint ná móna ar an bpórtach. Bhuail sé rud éigin leis an sleán, agus tháinig ard áthas air. D'féach sé, agus chuardaigh sé ina thimcheall agus fuair sé platá mór adhmaid. Bhí alán rudaí insan bpláta sin, mar atá, sceana adhmaidh, agus spúinneóga adhmaidh, cupáin adhmaidh, fóth-cupáin adhmaidh agus crócha óir.
Tá lios ar an Riasc, tá sé ibhfeirm muinntir Uí Dháibhis, agus í bparóisthe Árdháca. Deineadh taibhreamh do alán daoine go bhfuil ór curtha id taisce ann. Chuaidh siad ar lorg an óir thosnuigheadar ag romhair, agus bhí poll mór déanta acu. Bíodhar inaice an óir nuair tháinigh madra mór bán, á lean na daoine.Tháinigh eagla orrtha agus ritheadar abhaile ar nós na gaoithe, agus ní tháinigh siad ann arís. Tá an lios ann fós, agus tá an poll mór ann leis(continues on next page)- Collector
- Muirceartach Ó h-Éacthigheirn
- Gender
- Male
- Address
- Rooskagh West, Co. Limerick