School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Scéal ar Sprid

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó, fadó bhí sprid ina comnuidhe inaice na h-áite seo agus sé an ainm a bhí uirthí na Máire Ní Seachnasaigh. Thug na daoine na h-áite, "Sprid na Béarna" mar ainm uirthí mar bad é Béarna an áit aerach a bhí aici. Bhí sprid na mná sin ag dul ar fuaidh na tíre mór thimpeall na h-áithe ar bhfuil Béarna mar ainm, toisc go bhfuil oscailt ins na cnocaibh ann.
Nuair a bíodh muintir na h-áithe sin ag dul ar aonach chídís an bhean sin cé go raibh sí marbh leis na blianta roimhe. Aon oidhche amháin nuair do bhí fear ag dul go dtí an aonach i gCaisleán Nuadh Thiar chonnaic sé an bhean. Bhí cearr agus capall mór láidir fé ag an bhfear ar a bhfuilim-se ag cainnt.
Stad an bhean an capall agus chuaidh sí isteach san gcearr. Ní raibh sí istigh san gcearr ach cúpla noiméad nuair do stad an capall. Léim an bhean amach as an gcearr, ní raibh sí ach ar an mbóthar nuair do thit an capall marbh. Thuit an rud seo amach ar an mbóthar mór idir Caisleán Nuadh Thiar agus Béarna.

Collector
Seán Uptún
Gender
male
Address
Oldmill, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Age
54
Address
Oldmill, Co. Limerick
Language
Irish