Bíonn an feirmeoir an-ghnóthach san Earrach ag briseadh na talmhan. Ar an gcéad dul síos treabhann sé an talamh agus deineann sé é darb treabhadh le céachta, fuirseann sé annsan é le bráca. Oscaileann sé na driollaí annsan, agus tarraingheann sé an t-aoileac amach. An fhaid is abhíonn an feirmeóir ag ullmhú na talmhan, gearann a bhean na sgiolláin.
Cuireann sé na sgiolláin isteac insan gclais troig ón a céile. Nuair abhíonn siad curtha aige, clúduigheann sé na prátaí leis an gcré. Deireann na daoine gur ráthmhar an lá é Dia Ceadaoin cun prátaí do cur. Nuair abíonn na gais ós cionn talmhan cuirtear ancré suas.
Neill Barróid
Baile Uí h-Eidhin,
Caislean Nuadh Thiar