Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_042
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 8adh Deireadh Foghmhair 1938
Sgéal.
Bhí bean agus fear ann fadó. Gach oidhche thagadh fear agus sheasadh sé amach ar aghaidh an dorais. Ní labharfadh an fear ná an bean leis. An oidhche seo tháinig an fear ag an doras agus beirt bhan leis. Bhí cathaoir an duine ag na mná agus leag siad an dá cathaoir sa mbúaile a bhí amach ar aghaidh an tighe. An bhean a bhí sa teach. Bhí beirt ingin agus mac amháin basaíghthe leis an mnaoi. Agus bhiad sin iad a bhí ag tríal uirthí. Tháinig siad isteach agus labharadar agus labar an fear agus an bhean leo. Chuaidh an fear agus an bean amach féachaint céard a cuir siad sa mbuaille.