Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is minic a chídhfimíd ardáin beaga i lár páirceanna, 'sé an ainm a thugaimíd ortha ná liosanna. Tá na liosanna san go flúirseach i gCiarraidhe, agus mar sin tá cúpla in Oileán Dairbhre.Tá ceann díobh i mBaile an Tíghearna agus tráthnóna amháin bhí fear ag dul treasna na páirce go bhfuil an lios sin ann, agus do chualaidh sé ceól deas binn, agus do stad sé chun éisteacht leis.Do stad an cheól tar éis tamaill, agus do chuaidh an fear abhaile, agus chuaidh sé 'na chodhladh go luath an oidhche sin. D'eirigh sé breóidhte agus fuair sé bás i rith an lae 'na dhiaidh sin.Dúbhairt na daoine gur thóg na sidheoga é, agus dúbhairt daoine eile gurbh amhlaidh a mhairbh sé é fein.Scríobhnoir:- Eibhlín Ní Mhurchadha, Currach Mór
Sgéalaidhe:- Máire Ní Mhurchada, Cúil- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chúil Thiar, Co. Chiarraí