Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall céad blian ó thoin bhí meithioll ag baint móna i gCurrach Mór agus nuair a bhí an aimsear ag imteacht stadadar chun dínnéara.Nuair a bhí an dinnéir críochtnuighthe aca do thosnuigheadar ag obair aríst agus ní rabhadar i bfad ag obair nuair a thánadar go dtí pluais easóige.Nuair a chonnacadar an phluais do chuireadar easóg amach as. Annsan do chuaidh duine aca go dtí an tobáinín in raibh an deoch aca agus do chonnaic sé an easóg istigh san dtobán agus é sailiú an dighe.Annsan dúbhairt duine aca ná raibh sé ceart an easóg agus an chlann do chur amach as an bpluais agus do chuir sé iad isteach arís. Nuair a chonnaic an easóg é sin do chuaidh sí go dtí an tobán chun é do leagadh mar cheap sí go raibh an deoch slach agus dúbhairt na daoine dá mbeadh sí ábalta ar an dtoban do leagadh go leagfadh sí é sula mbeadh sé ólta ag na daoine.Ón lá san i leith deirtear go bhfuil nimh ins an easóg.Scríobhnóir:- Cáitlín Ní Mhurcadha, Currach Mór
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cormac Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí