Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ciseáin deasa chun na h-uibheacha agus bhíodh na sgoláirí ag ceannach uaidh chun a gcuid leabhra do choimeád dóibh leis.Trí raolacha nó dhá sgilling a bhíodh ar gach ciseán maragaidh agus naoi bpinginne nó sgilling a bhíodh ar na ciseáin scoile agus mar sin bhí sé ag deunamh go maith ortha.Fear ana mhaith do’s na bochta do beadh é agus bhíodh gach aoinne ag moladh Dómhnall Galánta mar Galánta an leas ainm a ghlaodhtaí air. Dheineadh sé na ciseáin do chuid de’s na bpáistí ar neamh nídh mar théigheaadh siad isteach chuige agus scuabadh siad an t-úrlár agus nígheadh siad na cupáin agus ullamhuigheadh siad cupáin té dhó gach tráthnóna agus iad ag teacht ó’n scoil agus bhíodh sé chomh sásta leó go ndeineadh sé ciseáin níos deise dóibh ná do’n cuid eile.Nuair a théigheadh na daoine chuige chun ciseáin a cheannach uaidh bhíodh sé ag seinim ceóil dóibh agus thabharadh siad cúpla pingin dhó mar bhí sé ana-mhaith chun ceóil do dheunamh.Tar éis bheith ag obair ar feadh i bhfad d’eirigh sé breóidhte agus tamall ‘na dhiaidh sin fuair sé bás.Cailleamhaint mór do’b eadh é, agus do bhí brón ar mhuinntear an oileáin go léir ‘na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí