Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Bruíon”
  4. XML “Bruíon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Ins an t-sean shaoghal do bhíodh patrún ins gach aon paróiste uair sa bhlian agus do bhíodh sé in Oileán Dairbhre chómh maith ar an dtarna lá fíchead de Márta. Bé sin lá 'le Dererca lá mór spóirt, ceóil, agus rínnce, agus lá mór bruidhin chómh maith.
    Bhí treibh do muinntir Maitheamhnaig timcheall Uibhreathaigh ar fad. Droch daoine do beadh iad. Ní raibh meas ag aoinne ortha mar do deaneadh siad alán droch gníomhartha. Do bhí bruighean idir an méid aca a bhí i nDairbhre agus treabh Uí Néill. Roimis an lá seo áithrithe do ghábh clann Uí Néill ortha.
    Do ínnseadar do’s na Maitheamhnaigh lasmuigh gur bhuaidh na Niallaig ortha agus do fóguruig siad do chlann Uí Néill go dtiocfadh siad go léir lá an phatrúin i nDaibhre. Do bhailuigh muinntir Néill a gclann ó’n dtír lasmuigh mar do bhí mórán aca ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.