Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)suas nuair do léim an capall an faill, agus tugtar Cuaisín Faill an Tonnaig ar an bfaill sin.Annsan do chuaidh sé go dtí an duine breóidhte agus dúbhairt sé le bean a’ tíghe go raibh an chapall ana láidir chun Cuaisín Fhaill an Tonnaigh do léimint agus dúbhairt sé go bfeaca sé rud bán.Dúbhairt sí leis gur chuir an rud bán scrannradh ar an gcapall agus gurb é an fáth gur léim an chapall an faill. Annsan do thosnuigh sé ag dul abhaile, agus bhí an chapall ag siúbhal ag dul abhaile agus ag an áit a chonaic sé an rud bán agus é ag imtheacht níor chorraig sé.Annsan do shrois sé a bhaile agus do chuir sé an capall isteach agus nuair a bhí sé ag doras an stábla do thuit an chapall breóidhte.Do chuaidh sé isteach go dtí a thigh féin agus bhí sagart eile ná raibh aon paróiste aige istigh, agus dúbhairt sé leis gur thuit an chapall breóidhte.Chuadar amach ag feuchaint ar an gcapall agus ar dul amach dóibh dúbhairt sé gur dhearmhad sé “Bail ó Dhia ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí