Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 298
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 298
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is dócha nách bhfuil ann ac coraidheacht agus cúig blian déág ó thárla an rud seo in Eóchaill. Do bhíodh murduach le feiscint ins an bhfairrge idir Bailefáín (?) agus Eóchaill agus dob' é fear ó Eóchaill dárb' ainm Franc Ó hAinifín a connaic de'n chéád uair í. Maidin go moch bhí sé amuigh i bhfeidhil na gcaorac cois fairrge a bhíódh i gcomhnuidhe ag dul isteach i bpáirc na gcómharsan. Connaic sé rud mó amuigh ins an bhfairrge agus shíl sé gurab amhlaidh a bhí chean de's na caoraig tar éis a bheith báidhte agus go raibh sí ann. Cuaidh sé síós chun na fairrge agus céárd a bhí ann ná murduach - bean áluinn a bhí innte agus mothall de gruag chómh bán le sneachta uirthe. Bhí sí ina suidhe ar charraig agus d'áduig sí a dá láimh. Tháinig sgannradh uathbhásach ar an bhfear agus bhí fhios aige gur murduach a bhí ann. Thosnuig sé ag blaodhbhúirtheach ó's ard. Chuala muinntear na h-áite an béicheach uathbháach agus thángadar 'na sluaighte chun é do shábháil. Cuaidh sé as radharc ar fad annsan agus do fuair duine éigin as gach teach as ar tháínig duine éígin chun í d'fheiscint ach amháín as tig Franc Ó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fóghlúdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seumas Ó Dúbháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí