Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 230
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 230
- XML “Seanamhrán”
- XML “Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Cómhairle a bheirim dib, ¶ Gan chealg óm' chroidhe”
(ar lean ón leathanach roimhe)é do dheineadar aithrighe agus do chaitheadar saoghal maith as san amach. (an seóladh céadhna)- Creideann alán daoine sa pharóísde i dtaidhbsí. Oidhce amháin bhí Maitiú Ágas ag seóladh na mba. Bhí a fheirm inaice na trágha agus núair a bhí sé ag teacht amach as an bpáirc chonnaich sé beirt fhear istig i gcóíste cois na trágha. Cheap sé go raibh aithne aighe ortha agus do bheannuig sé dhóibh acht ní bhfúair sé aon fhreagra. "Cad é an donas atá orraibh ná labharfhad sibh le nbhúr gcómharsain" ar seisean. Annsan connaic sé gur daoine íad a bhí marbh le blíanta. Do léim an hata dá cheann agus deirig a grúaig líath in aon neómat amháin. Annsan dúbhairt duine de na taidhbsí chúpla focal leis agus chuir sé de gheasaibh air gan an cúpla focal san do rádh le haoine coidhche. Annsan do thuit Maitiú i bhfanntais agus núair a tháinig sé chuige féín bhí na taidhbsí imtighthe. Chúaidh sé abhaile agus núair a dhúisig sé an lá na dhíaídh san bhí radharc na súl caillte aige.(an seóladh céadhna)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí