Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)

Suíomh:
Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Sprideanna”
  4. XML “Sprideanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear darb' ainm Peadar Ó Muineacháin ag teacht abhaile tairéis beith ag bothántuigheacht oidhche geimhridh áirighthe. Núair a bhí sé ag teacht tar seana lios chonnaic sé triúr ban ag teacht amach thar claidhe an leasa, "Feacaidh cé atá ann" arsan chéad bhean. "Béarfhaimíd air" arsan dara bean. "Ná bainidh leis" arsan tríomhadh duine. Dimtigheadar leó annsan agus núair a srois sé a thig féín bhí cíachán air agus dfan sé air go dtí lá a bháis.
    (an seóladh céadhna)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fuair sean-duine bás sa pharoisde agus roimh báis dó d'orduig sé túama núadh a dheanamh do. Núair a bhí an túama dhá dhéanamh aca do thógadar isteach cuid de shean túama eile a bhí déanta le blíanta roimhe sin. Núair a bhí na leanbhaí ag teacht abhaile ón sgoil tráthnóna a cuireadh é chúaladar an gleó agus an fothrom go leir istig sa túama. An lá na díadh sin fúair an capall a thairing na clocha bás agus an fear a tóg an túama deirig sé dall. Blíaí díreach ón lá san fúair mac an fhir mhairbh bás agus núair a d'osgladar an túama bhí cómharta an athar iompuighthe ar a chliathán. Tairéis an mac a chur chúalathas an gleó céadhna sa túama agus igcoinn cúpla lá cailleadh mátair an gharsúin. Núair d'osgladar an túama bhí cómharta an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí