Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 295
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, nuair a bhíódh muinntir na Lice ag dul go Tráighlí ní théígdís an bóthar chéudhna is a dtéigheann síad anois. Treasna Bóthar na gCloc go dtí an Camp a théíghdís agus as san go Tráighlí. Is ró-mhinic a cídís spirid agus daoine maithe ar an mbóthar sin.Oidhche amháin bhí fear ó'n Leac darb' ainm Seán Ó Súilleabháin ag dul go Tráigh Lí agus gan amhras is treasna bóthar na gCloc a chuaidhsé. Ní raibh fhios aige cé'n t-am de'n oidhche a bhí ann mar ní raibh clog ar bith ins an bparróiste aca san am. Ní raibh aon lasán acu ach an oireadh agus nuair a bhídís ag dul ar thurus is amhlaidh a thabhairidís smearóid dearg leó leis an phíopa a dheargadh doibh féin. Ach, maidir leis an bhfear seo bhí ualach mór prátaí aige. Nuair a bhí beagán beag slíghe churtha dhe ag Seán do stad sé agus chuaidh sé fé tor le fothan d'fhághail chu a phíopa a dheargadh dhó féin. Nuair a bhogh sé chun bhóthair airís chas fear leis agus ar seisean go modhálach le Seán "Nách ró-dhéanach ataoí amuigh." D'fhreagair Seán go ceann dána agus ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fóghlúdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Fóghlúdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí