Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 220
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 220
- XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”
- XML “Cath Pháirc na Fola”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa pharóiste ar an naomhadh lá feiched de Lúghnasa in onóir do Naomh Eóin baiste.
Ta seana sgéal eile a deir gur chómhnuig breac sa tobar. Bhí sé de nós sa pharóisde gan uisge an tobair sin d'úsáid i gcóir obair tighe. Lá amháin bhí ana dheobhadh ar bhean darbh ainm Maire Ághas. Níor dhein sí acht dul amach agus galún uisge a thabhairt léi as an tobar naomhtha. Chuir sí sa chiotal é acht da mbeadh sé ann go lá an Lúain ní bheirbheochadh sé. Sa deire núair a bhí sí cráidhte, cíapaithe aige do bhain sí an clúid de'n ciotal agus cad a bheadh istig ann acht breac mhór. Chuir sí ar ais sa tobar arís é agus geallaimse dhuit nár chuir sí isteach ná amach air an dtobar ó shoin. Fé láthair núair a tógann sé i bhfad ó chiotal uisge beirbhuí is minic a chloistear, "Bféidir gurb" amhlaidh atá "breac an tobair" istig ann. - Cath Pháirc na Fola - Mináird ThoirIn aimsear na bpéin dlighthe bhí sean-bhothán i bparóisde na Mináirde agus dob' ann a léightí an t-aifreann gach Domhnach. Bhí ag rith leó ar feadh a bhfad agus ní raibh a fhios ag na Saighdiúirí gallda cá mbíodh sé dhá léigheamh acht, sa deire fúaireadar an bothán amach. Dómhnach áirighthe bhí buidheann díobh lasmuigh de'n(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ni Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí