Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 242
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé istig sa bhaile ar fead leath úair an chluig núair a tháinig an tréan isteach. Do cheannuig sé an crúisgín ar dhá phinghin agus as bráth leis abaile arís. Deritear go bhféidir leis siubhal níos tapamhla na aoine eile i gCíarraidhe.
- Nuair a bhíodh muinntir an tighe ag coighilt na teine badh gnáth leó an páidir seo do radh. Coigilimís an teine mar do choigil Críost cách. Muire, i gceann an tighe agus Brighid in a lár, agus an dá naomh is mó cómhachta ins na Flaithis dár saoradh is dár sábhail go maidin
* * *
Núair a bhíthear ag ól deoch uisge taireis comaoine do ghlacadh is gnáthach an paidir seo do rádh:-
Seo é sláinnte ár Slánuightheóra a cheannuig go daor sin,Is sláinte na mná mánla go raibh aici an t-aon mhac gan chéilleIs sláinte naoimh Pádrauig do bheannuig Éire
(an seóladh ceadhna)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí