Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 198
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 198
- XML “Stoirm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timpeall le triochad bhliain ó sóin nuair ná ráibh aon t-slighe bheata ag na daoine mór timcheall na h-áite ach iascaireacht. Bhí dhá bád ag iascaireacht i mBágh an Daingean, taobh tiar de Oiléan na h-Inse agus do bháthadh iad.
Bhí "Brúsgar" mar ainm ar ceann de's na bádaibh agus ná fhios cad abh'ainm de'n ceann eile. Do bhí cúighear nó seisear fear ó leac ar an mbád darbh ainm "Brúsgar". Gearaltach ab'eadh duine díobh agus Dómhnaill ab'ainm do dhuine eile. Do bhíodar amuigh ist d'oidhche ag iascaireacht. Do bhí an oidhche an-stoirmeach agus do casádh na báid taobh thíos thuas. Do tháinig an Ghearaltach isteach i mbarra taoide agus rug Uí Domhnaill ar maide rámha agus do sábáileadh é. Do dhein máthair Uí Domhnaill amhrán mar geall air. Seo é: -
"An Gearaltach mór
'Sa tóin go fuair
Agus é caithte suas ag an taoide;
Dómhnaill mo mhaoin
Fear chothaig an tighe
Do thug mac Muire saor é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mary Sayers
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mr Garrett Sayers
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí