Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 223
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 223
- XML “Piseoga”
- XML “Piseoga”
- XML “Seod Folaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghiorra dí agus dheineadh sí é do sciomadh. Annsan bíodh ím na cómharsan aici i dteannta a chuid ime féin. Bhí na daoine bochta creachta aici agus ní raibh a fhios aca cad a dhéanfhaidís. Ar deire chuireadar an sgéal ar shúilibh an tsagairt. An seachtmhain na dhíaidh sin dfan an sagart ag faire uirthe agus ar gach ceann a thóghadh sise as an abha do thógadh an sagart dhá cheann. Núair a chuaidh an bean abhaile an lá shan ní raibh aon ím ann roimpe agus ní raibh a fhios aici cad a thárla acht núair a dúbhairt an sagart léi go raibh sé féin ag an abhainn chómh maith do thuig sí go maith go gcuirfheadh an sagart deire le na cuid piseóg agus níor dhein sí níos mó é. (an seóladh céadhna)
- Má bhíonn gamhain nó bó breóidhte geibheann fear áirighthe mála plúir agus búaileann sé an beitheadhach naoi núaire treasna an droma leis. Creidtear sa pharóisde go leigheasan sé sin an beithidheach.(an seóladh céadhna)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Tá lios sa pharoisde agus sé gnáth thúairim na ndaoine go bhfúil corcán óir folaighthe fé chrann mór droighinn atá i lár an leasa. Cúaidh sean-duine(leanann ar an chéad leathanach eile)