Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 266
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 266
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí spriúnlóír mná in a cómhnuidhe i mBaile na Seilge fadó. Níor thug sí deirc do aon bhacach ríámh. Lá amháín dubhairt Eóghan Ruadh Ó Suilleabháin (an file) go raghadh sé cuaiche agus go mbeadh uirthe deirc do thabhairt dó. Do chuaidh. Nuair a bhí sé ag teacht cómhgarach do'n thigh do chualadh sé go raibh sí ag deanamh cuigine. Do chuaidh sé go doras an tighe ag do shiubhal sé isteach agus do bhuail sé isteach i dtreó na meidre agus do bhreith sé ar an loinithe agus do bhuail sé cúpla greas, agus le na linn sin dubhairt sé -
Ím ar an gcuigeann seo,
Agus ím na gcómharsan,
Agus a bhfuil d'ím,
Ó'n Snaidhm go Bólais.
Di cheap an bhean go raibh aice, agus do chuaidh sí amach go mánla go tigh a' bhaine agus do tháínig sí isteach go maiseach agus bóla mór leamhnachta in a láímh aice agus do thug d'Eóghain é. Do shlog sé síár é go sásta agus do bhailig sé leis abhaile, agus is air a bhí na sceitimíni, agus gach duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seósaimhín Ní Mheidhre
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lóthar, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Micheál Bán Ó Conraoi
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí