School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 853

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 853

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 853
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bóthar na mBróig - sin cómhgar atá ag dul o barra an Mhullaigh tré an cnoch go dtí Baile an Lochaigh i mBaile an Fheirteírigh.

    An Leacht: sé sin carn cloch atá ag barra an Mhullaigh go bhfuair fear bás in aice leis. Is amhlaidh a bhí an fear bocht ag teacht thar an gcnoc ón Duibhneach go dtí Leitreach agus díreach ag barra an chnuic do thosnuigh an sneactadh agus do cuaidh sé ar bhfoithin. Níor stad an sneachtadh go raibh an fear bocht leataithe aige. Do réir deallramh is amhlaidh a chuaidh sé a' codhladh mar nuair a fuaireadh é an mhaidin na dhiaidh sin bhí sé clúdhaithe nach mór leis an sneachtaidh. Do cuireadh fios ar a mhúintear agus thánadar is bhreitheadar leo abhaile a chorp agus chuireadar é, acht sar a chuadar abhaile do chuireadar carn cloch ag barra an chnuic idtreó is go nabróchadh gach aoinne a gheabhadh thairis paidir le anam an fhir. Ba cheart do gach aoinne a raghadh thar an leacht, cloch do chaitheamh ann agus beannacht dé anamh na marbh agus le anam an duine a cailleadh annso a rádh.

    Tá bóthar ag dul ó Mhullach thar an gcnoc go dtí Tighthe na hAbhann sa Duibhneach agus deineadh é sa droch-shaoghal. Do bhíodh fir agus mná ag obair ann ar cuig nó sé pinginí gach lá. B'é an ainm a bhí ar an "Boss" a bhí ortha ná ó Dómhnaill ó Gleann Doimhin, inaice le Campa. Is tré an bóthar sin a thagadh na socraidí fadó a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
    Informant
    Pádruig Ó Mhuircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    47
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Chiarraí