School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 866
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iad seo na luibheanna is mó a fhásann sa cheantar seo: praiseach buí, grúnlas, an giúnach dearg, fuileog, feóchadán, briosclán,, mealúchán, broimfhéar, féar faile.
Fásann an briosclán, broimfhéar, fuileog agus praiseach buí i dtalamh bocht. Deineann an praiseach an-diobháil do chaoire agus do shíol féir. Fásann an broimfhéar an fuileog and briosclán ar iomaraí na bprátaí agus uaireanta múchann siad na gais agus ní fhásann aon phrátaí.
Faightear leigheasanna as cuid acu. Deintear an grúnlas do bheirbhuí agus é a thabhairt do bheithigh go mbeadh bruinne dearg acu. Cuirtear bainne na n-éan le fáithne a bheadh ar bheithigh nó ar dhuine. Cuirtear meacain na dáthabha le cneadh nó le haon bhall tinn. Stadann an slánlus fuil.
Deintear an driseog do bheirbhiú agus tagann dath crón as. Deintear diliosg na gcloch do bheirbhuí leis agus tagann dath rua as. Ithear an briosclán agus an mealúchán agus tá siad an-deas le n-ithe. Tá fréamh an bhrioscláin fada bán agus tá fréamh an mhealúcháin gairid.
Diarmuid Ó Dúbhda
Baile na Leacan, Clochán,
Fuarthas ó mo sheanathair Séamus de hÓra, Baile na Leacan, Caisleán Ghriaíre.- Collector
- Diarmuid O' Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Séamus de hÓra
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry