School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 785

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 785

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 785
  3. XML “Carraig Niocláis - i mBá Bhreandáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí criú naomhóige lá a' teacht abhaile taréis spiléirí a tharrac agus bhíodar a teacht aníos inaice na talmhan. Bhí fairrge mór ann agus thanadar ró gairid do carraig mhór a tugtar Carra' Niochláis air. Do bhris fairrge ar a gcarraig agus do dhliuch sé lámh agus ceathramhain duine aca. Dubhairt an fear tosaigh sa naohóig leis an fear a liuchadh: "Bhuel a Mhichíl is maith a' taim é cun leath-piúint fuisgí a bhuadhachtaint. Chuirfead-sa geall leat ná déanfaidh tú dá bhéársa amhráin do Carra' Niocláis mar gheall ar tú a fhliuchadh, sara sroisfimíd an cé"
    "Biodh sé na margadh" arsa Mícheál, agus taréis smuínimh beag a dheánamh, thosnuig sé ar an amhrán so a dhéanamh:-

    Mícheál:
    A Charra Niochláis is gránda an beannughadh é
    Ar maidin Dé Luain go granda droch-mhúinte,
    Do fhliuchais mo lámh agus lár mo cheathramhan-sa,
    Agus easgaine is smáilt go bráth id leanuint-se.

    Carraig:
    Easgaine is smáilt ní gádh dhuit a guidhe dhom,
    Mar is fada mé treasgairthe in imeall na taoide,
    Nuair a tagann an Mharta is bearrtha piocaithe (?)
    'Ge Frainnc is Tomás gach lá is a' sgreadaigh im thímcheall.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Sighle Ní Chúrnáin
    Gender
    Female
    Address
    An Cheapaigh, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Bric
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    An Clochán, Co. Kerry