School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 831

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 831

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 831
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”
  5. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall seachtmhó blíadhan ó shoin ins na tighthe a pósfaí gach cúpla dá bpósadh trith na hInide is amhlaidh a thagadh an sagart agus an cléireach go dtí tigh an cailín agus pósadh annsan an lámhna. Ní hiad múintear an pósta a díoladh na sagairt in aon chor acht na cómarsain gur tugadh cuireadh dóibh teacht go dtí an pósadh. Bhíodh clócha cábaí ar an gcailín agus "frock'cóta" mar a tugtaí air ar an bhfear. Ní raghadh an lámhanú as baile in aon chor mar a théigheann na daoine anois act bhíodh ana oidche aca, bhíodh mórán oil ins an dtig agus bhíodh trí nó ceithre caoire marbh aca agus bhídís ag ithe agus ag ól fan na hoidche. Bh'fhanadh an saghart ann go dtí an maidin leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair a bhídtí cun cleamnais a dhéanamh fadó mór tímcheall na h-áite seo théigeadh muintir an cailín go dtí tig an bhuachalla istoidche agus thógaidís leó buidéal uisge beatha agus galún pórtair. Nuair a sroisidís an tig sé an céad rud a dheinidís ná an suipéir d'ithe. Tar éis an tsuipéar dólaidís cuid den phortair agus den uisge beatha. Is annsan a tarracóidís síos an cleamhnas is dá mbéadh gach aoinne sásta déanfaí an cleamhnas is bhíodh rinnce is ceóil aca go maidin. Shocaruighidís lá an phósta annsan agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Kerry
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Kerry