School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 788

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 788

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 788
  3. XML “Ór i bhFolach”
  4. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ór i bhfolach
    Tá cnoc in aice Mullach bhéal sa paróiste seo ar a thugtar leacain agus deirtear go bhfuil bróg lán d’ór curtha ann. I gcaitheamh na haimsire a bhí na Danair in Éirinn a cuireadh é. Is amlaidh a bhí fear ag rith ó na Danair agus chuaigh sé go Mullach bhéal cun dul trasna an cnuic go dtí Baile an Fheirteirigh. Bhí bróg lán d’ór aige agus cuir sé san leachain é cun é do cur i dtaisge go dtí go dtagfhadh sé arís. Cuaidh sé go dtí an larthar agus ní fada ann é nuair a rug na Danair air agus cuireadh chun bás é. Do déin mórán daoine iarracht ar an tór d’fhágailt sa tseana aimsior acht do theip ortha go léir mar áit ana carraigeach iseadh é Deirtear go bhfuil an tór sa talamh fós.
    In aimsear Cromwell bhí Saighdúir Éireannaigh ag rith ó na Cromwellains. Bhí bootais óir agus leath-bhrog airgid aige. Bhí sé ag dul treasna cnuic i Mullach bhéal sa paróiste seo agus dúbhairt sé leis féin go gcuirfeadh sé an tór i bhfolach i dtreó as ná bheadh sé mar ualach air go dtí go dtagadh sé ann an céad uair eile. Do chuir sé é i bhfolach idir dhá áit ar a tugtear Cloch an léim agus Claidhe an bhreathnaigh. Thainig sé thar cnoc arís agus chuardaig sé an áit mar ceap sé gur cuir sé an tairgead i bhfolach acht má sheadh ní bhfuair sé tásg ná
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. In aimsear Cromwell bhí Saighdúir Éireannaigh ag rith ó na Cromwellains. Bhí bootais óir agus leath-bhrog airgid aige. Bhí sé ag dul treasna cnuic i Mullach Bhéal sa paróiste seo agus dúbhairt sé leis féin go gcuirfeadh sé an tór i bhfolach i dtreó as ná bheadh sé mar ualach air go dtí go dtagadh sé ann an céad uair eile. Do chuir sé é i bhfolach idir dhá áit ar a tugtear Cloch an léim agus Claidhe an bhreathnaigh. Thainig sé thar cnoc arís agus chuardaig sé an áit mar ceap sé gur cuir sé an tairgead i bhfolach acht má sheadh ní bhfuair sé tásg ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Kerry
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Kerry