Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 925

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 925

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 925
  3. XML “An Táilliúir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá beirt táilliúir i gClochán. Siad so na rudaí a bhíonn acu: míosúr, siosúr, méireacháin, snath, snáthad, agus iarann. Ceanuigheann siad an éadaighe insna siopaí agus deineann siad culaith éadaigh. Nuair a theascuigheann culaith éadaig[h] ó éinne téirgheann sé go dtí an táilliúir chun a thúise a thagaint. Deineann an táilliúir an teádhaig do ghearra agus annsan deineann sé an culaith. Nuair a thaghann éinne adiarraid culaich go dtí an táilliúir, deireann an cailliúir, "Is mairig a bhieadh gan brísce, nó is mairig a bhieadh gan casóg". Deineann cuid des na mná a éadac féin anois le olann caorach. Bíonn siad ag sníomh le turn sníomhacháin. San oidhche fada a bionn siad ag sníomh. Bíonn siad ag cniocáite agus deineann siad peire stochaí nó geansaí as an cniotáilt sin. Tá roth agus turn sníomhacháin agus bionn an roth ag casadh mór timcheall agus bíonn fearsaid ceangailte den tromán agus nuair a bhíonn an snáth ag dul mór timcheall bíonn an snáth ag ceangail ar an fearsaid agus deintear é sníomh arís. Nuair a bhíonn sé sin déanta deintear liathróid mór den snáth. Tá turn sníomhacháin ag mo mháthair agus bíonn sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ua Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máire Graínne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Kerry