School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 897

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 897

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 897
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó is le meidir a deintí an t-ím. Bhí an meadar trí troighthe ar leithead ag a bhun, agus troig ar leithead ar a bharr. Is le loinithe a deintí an t-uachtar do bhuaileadh cun an tím a dheánamh. Bhí bluíreadhmad cruinn ag bun an loinithe agus bhí sé lán de phoill annso agus ansúd. Bhí blúire adhmaid ar a glaodhtar an claibín suas ag bárr na meidre i dtreó is ná leighfheadh sé amach an t-uactar nuair a bhíthí ag déanamh cuiginne. Cun an t-ím do deánamh caithfheadh duine bheith síos suas leis an loinithe agus nuair a bhrathfadh sé an glór tainídhe ag an mbláthaig bheadh fhios aige go raibh an t-ím deánta. Cuiridís an t-ím isteach i dtobán uisge cun é nígh go maith agus annsan cuiridís é isteach i feircíní, agus cuiridís go dtí Tráighlí nó Corcaig é. Le bairrile a deintear an t-ím anois. Bíónn h-annla ar gach taobh de cun é do casadh. Tá bualtáin istig sa bhairille cun an t-ím do bhualadh. Bheadh fhios agat nuair a bheadh an t-ím déanta, mar bheadh an bairille trom agus bheadh an bhláthach ag deánamh glór tainídhe. Dá dtiocfhadh comharsa isteach nuair a bheadh an t-ím deánta, thabharfadh bean a' tighe braon den báthac dó. Dá dtagadh stróinseár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Maitias Ua Dúbhda
    Gender
    Male
    Address
    Baile na Leacan, Co. Kerry
    Informant
    Séamus de hÓra
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Baile na Leacan, Co. Kerry